FÁILTE

 

Cuireann Aonad Sláinte na Mac Léinn cúram leighis ar fáil ar an gcampas do mhic léinn cláraithe lánaimseartha ar bhealach rúnda, gairmiúil agus cúirtéiseach. Leanaimid orainn ag oibriú de réir na comhairle agus na treorach Sláinte Poiblí chun an riosca go scaipfeadh víreas COVID-19 a laghdú i measc ár gcuid mac léinn agus comhaltaí foirne.

 

Dá bhrí sin, go ceann i bhfad, is ar bhunús docht ‘RÉAMHCHOINNE AMHÁIN’ a bheidh Aonad Sláinte na Mac Léinn ag feidhmiú lena chinntiú go gcuirtear na bearta is fearr is féidir i bhfeidhm maidir le hionfhabhtú a chosc agus a rialú an t-am ar fad. Ní mór do mhic léinn a bheith cláraithe don bhliain acadúil reatha d’fhonn leas a bhaint as an tseirbhís seo.  NÍL CEAD AG MIC LÉINN TEACHT CHUIG AONAD SLÁINTE NA MAC LÉINN GAN TEAGMHÁIL A BHEITH DÉANTA ACU LEIS AN AONAD ROIMH RÉ.

 

Coronavirus Banner

Maidir le ceisteanna a bhaineann le Covid, léigh an chomhairle ANSEO.