Tá an Treoir do Mhic Léinn Taighde Iarchéime Nua agus atá ar Filleadh an-úsáideach chun thú a threorú chuig seirbhísí ábhartha ollscoile e.g. clárú, táillí, lóistín.

Fáilte chuig Ollscoil na Gaillimhe.

Is é an aidhm atá leis na Seisiúin Eolais fáilte a chur romhat agus an t-eolas atá de dhíth ort a thabhairt duit agus tú ag cur tús le do chuid taighde in Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh trí chéim sna Seisiúin Eolais.

Céim 1 Cur i Láthair Réamhthaifeadta

Tabhair faoi deara: Tá cuir i láthair Chéim 1 ar fáil anois thíos.
(Cliceáil ar an nasc seo nó téigh síos níos faide an leathanach). Breathnaigh ar gach ceann de na cuir i láthair seo sula leanfaidh tú ar aghaidh chuig Céim 2 agus Céim 3.

Tá tinreamh ag Seisiún Chéim 2 agus 3 éigeantach. Déanfar tinreamh a thaifeadadh.

Deis a bheidh sna Seisiúin Eolais chun tuilleadh eolais a fháil fúthu seo a leanas

- an timpeallacht taighde iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe
- tús a chur le do chlár taighde
- seirbhísí a chuireann an Ollscoil ar fáil 

Tugann Seisiúin Eolais deis duit freisin casadh leis an bhfoireann agus le mic léinn eiles.

Céimeanna na Seisiún Eolais

Céim 1 - Cur i Láthair Réamhthaifeadta

Tabhair faoi deara: Tá cuir i láthair Chéim 1 ar fáil anois Thíos. Breathnaigh ar gach ceann de na cuir i láthair seo sula leanfaidh tú ar aghaidh chuig Céim 2 agus Céim 3.

Chun fotheidil a fheiceáil (mura bhfuil siad ar fáil sa chur i láthair)

  • Is féidir le Brabhsálaí Google Chrome fotheidil a ghiniúint d’aon chomhad fuaime nó físe a bhfuil tú ag féachaint air/ag éisteacht leis sa bhrabhsálaí (Socruithe > Casta > Inrochtaineacht > Fotheidil Bheo).
  • Agus tú ag dul chuig gach cur i láthair físeáin, mura bhfuil fotheidil ar fáil–roghnaigh watch on YouTube, beidh rogha agat maidir le fotheidealú dúnta nó tras-scríbhinn a oscailt le haghaidh fotheidil. Cliceáil ar an deilbhín cc ag bun na láimhe deise den fhíseán chun fotheidil dhúnta a fháil nó ar an 3 phonc bheaga faoi fhíseán ríomhphoist agus roghnaigh Open Transcript..

Céim 2 – Seisiún eolais ag leibhéal na hOllscoile 

Á thionól ag an Ollamh Dónal Leech, an Déan Staidéir Iarchéime

  • Dáta/Am: Dé Céadaoin, 24 Eanáir 2024 ó 10:50 am – 1:30 in (Lón san áireamh ag an deireadh dóibh siúd ar an gcampas)
    Teagmháil: Sandra Donohue graduatestudies@universityofgalway.ie 
    Ardán: Beo ar líne (beidh sonraí sa ríomhphost a sheolfar chuig mic léinn iarchéime nár fhreastail ar sheisiún Chéim 2 i mí Lúnasa nó i mí Dheireadh Fómhair in am trátha).
  • Cuirfear lón éadrom ar fáil ag deireadh an tseisiúin dóibh siúd a bheidh ag freastal ar líne ach ar an gcampas ag an am céanna. Seol ríomhphost chuig Sandra ag graduatestudies@universityofgalway.ie roimh an 17 Eanáir má tá aon riachtanais chothaithe agat.

Céim 3 – Ionduchtú/Seisiún Eolais an Choláiste 

Arna eagrú ag na Leas-Déin Staidéir Iarchéime i do Choláiste cuí.

  • Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh
    Dáta/Am: Déardaoin, 25 Eanáir ó 3 – 5 pm
    Eagraí: An Dr Lindsay Reid lindsay.reid@universityofgalway.ie
    Ardán: Beo ar líne trí Zoom (beidh sonraí sa ríomhphost a sheolfar chuig mic léinn iarchéime nár fhreastail ar sheisiún Chéim 2 i mí Lúnasa nó i mí Dheireadh Fómhair in am trátha). Má d’fhreastail tú ar Chéim 2 i Lúnasa nó Deireadh Fómhair agus/nó mura bhfuair tú na sonraí logála isteach do Zoom, déan teagmháil dhíreach le do thoil leis an Dr Reid. 
  • Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
    Dáta/Am: Dé Céadaoin, 25 Eanáir ó 2-3 pm
    Eagraí: An Dr Lorraine Morgan (Teagmhálaí an Choláiste cbppl@universityofgalway.ie)
    Ionad: Seomra Whitaker (CA110), Áras Cairnes (Foirgneamh 35 ar an Léarscáil den Champas)
  • Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte*
    Dáta/Am: Dé Céadaoin, 24 Eanáir ó 2-3 pm
    Eagraí: An tOllamh Garry Duffy (Teagmhálaí an Choláiste cathal.oflatharta@universityofgalway.ie)
    Ardán: Beo ar líne trí MS Teams (beidh sonraí sa ríomhphost a sheolfar chuig mic léinn iarchéime nár fhreastail ar sheisiún Chéim 2 i mí Lúnasa nó i mí Dheireadh Fómhair in am trátha). Má d’fhreastail tú ar Chéim 2 i Lúnasa nó Deireadh Fómhair agus/nó mura bhfuair tú na sonraí logála isteach do Zoom, déan teagmháil dhíreach leis an Ollamh Duffy. 

 

Tuilleadh Tacaíochtaí do Mhic Léinn Idirnáisiúnta Nua

Breathnaigh freisin ar:

Táimid ag súil le bualadh libh.

Le dea-mhéin,
Dónal Leech
An Déan Staidéir Iarchéime 

Naisc agus Teagmhálaithe (ón gcur i láthair thíos)

Físeáin de na Seisiúin Eolais Taighde Iarchéime


Físeáin Eolais an Choláiste: