Teachtaireacht ón Déan Staidéir Iarchéime
Ba mhaith liom fáilte a chur romhaibh chuig Ollscoil na Gaillimhe. Ag tosú ar chlár iarchéime, is ag leanúint ar aghaidh le bhur gcuid staidéir atá cuid agaibh anseo agus tá cuid eile agaibh ag tosú in Ollscoil na Gaillimhe den chéad uair. Beag beann ar an gcosán a thug anseo sibh, tá súil againn go bhfoghlaimeoidh sibh níos mó faoinár nOllscoil agus na tacaí atá ar fáil daoibh sa treoir seo. Ba mhaith liom gach rath a ghuí oraibh mar mhic léinn iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe.
Dónal Leech