PhD Struchtúrtha in Ollscoil na Gaillimhe

Is é an chroí-thréith a bhaineann leis an gclár PhD struchtúrtha eolas a chur chun cinn trí bhuntaighde. Aithnítear gur aistear aonair atá san oideachas dochtúireachta.  Is é an aidhm atá le hoideachas dochtúireachta a struchtúrú timpeallacht ina bhfuil tacaíocht ar fáil a chruthú, trí na nithe seo a leanas:

Oiliúint struchtúrtha chreidiúnaithe fhoirmiúil chun tacú le taighde an mhic léinn.

Caithfidh gach mac léinn PhD 30 ECTS den oiliúint seo a dhéanamh le linn a gcláir PhD. Roghnaíonn mic léinn modúil i gcomhar lena stiúrthóir.

Is iad an dá phríomhchineál modúl ná:

  • modúil ardleibhéil a bhaineann go sonrach leis an disciplín agus
  • modúil scileanna cineálacha/inaistrithe/gairmiúla, tá tuilleadh eolais ar mhodúil den sórt sin ar fáil ag Modúil – Ollscoil na Gaillimhe

Tá acmhainní ar líne (Epigeum Research Skills) ar fáil le tacú leis na modúil seo via the Researcher Development Centre Portal anseo.

Príomhghnéithe a bhaineann leis na modúil ar an PhD Struchtúrtha is ea go bhfuil siad solúbtha ó thaobh a modh seachadta agus measúnachta.

Tá Coiste Taighde Iarchéime (GRC), ar a bhfuil triúr comhaltaí foirne acadúla, dá gcuid féin ag gach mac léinn PhD, mar aon le stiúrthóir. Is é ról foirmiúil an Choiste athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn an mhic léinn gach bliain agus moladh a dhéanamh don Choláiste ar cheart dul ar aghaidh leis an gcéad bhliain eile den chlár nó nár cheart. Cuireann an Coiste tacaíocht neamhfhoirmiúil ar fáil don mhac léinn chomh maith le linn an chláir PhD.

D’fhéadfadh comhoibriú idir institiúidí a bheith i gceist i gcláir PhD struchtúrtha ar leith.

Tacaíonn Ollscoil na Gaillimhe leis an gCreat Náisiúnta d’Oideachas Dochtúireachta

Chomh maith le scileanna taighde, beidh deiseanna ag céimithe PhD scileanna breise a fhorbairt mar atá léirithe i Ráiteas Scileanna Iarchéime PhD Ollscoileanna na hÉireannRáiteas Scileanna Iarchéime PhD an IUA 2021 

Treoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde le fáil ag Treoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde (ollscoilnagaillimhe.ie)