Cláraigh Linn

Chun coinne a dhéanamh nó eolas a fháil, seol ríomhphost chuig counselling@universityofgalway.ie nó cuir glaoch ar 091 492484.

Aimsíonn roinnt mac léinn dóthain tacaíochta sna leathanaigh Áiseanna againn chun a gcuid deacrachtaí a réiteach gan chomhairleoireacht.

Is féidir clárú le Togetherall chomh maith: pobal tacaíochta meabhairshláinte ar líne atá sábháilte, saor in aisce, modhnaithe, anaithnid agus ar fáil do mhic léinn 24/7.

TUILLEADH EOLAIS

Sonraí Teagmhála i gcás Éigeandála

Lasmuigh dár n-uaireanta oscailte nó i gcás géaréigeandála déan teagmháil leo seo a leanas: 

  • Do Dhochtúir Teaghlaigh áitiúil
  • Roinn Éigeandála UCHG: 091 544544 
  • Aonad Sláinte na Mac Léinn: 091 492604  
  • Na Samáraigh: 116 123 (saorghlao 24/7)
  • Líne chabhrach Pieta House: 1800 247 247 (saorghlao 24/7)
  • Téacslíne Ghéarchéime - Seol GALWAY chuig 50808 (téacs saor in aisce 24/7 

TUILLEADH EOLAIS

An Obair a Dhéanaimid

Comhairleoireacht do Mhic Léinn – Seirbhís hibrideach comhairleoireachta in aisce, idir comhairleoireacht ar an láthair, duine le duine agus ar líne. Cuirimid comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil chomh maith.

Tá sé breá normálta anseo comhairleoireacht a lorg, agus léiríonn sé go bhfuil neart agus acmhainneacht agat seachas go bhfuil tú i ndeireadh na preibe. Tacaímid le tuairim is 10% de mhic léinn na hollscoile gach bliain.

Níl deacracht ar bith – beag ná mór – nach dtabharfaimid faoi.

EOLAS FÚINN