‌Cuireann Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn seirbhís saor in aisce ar fáil, idir chomhairleoireacht duine-le-duine agus chomhairleoireacht ar líne. Cuirtear comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil freisin. Is gnáthrud an chomhairleoireacht a lorg anseo agus ní comhartha é nach bhfuil tú in ann déileáil leis an saol, ach go bhfuil neart agus acmhainneacht ionat. Tacaímid le thart ar 10% de dhaonra na mac léinn gach bliain. Fáiltítear roimh fhadhb ar bith, mór nó beag, anseo.

Nuair a Dhéanann Tú Teagmháil Linn

Trí labhairt le comhairleoir cabhróidh sé leat peirspictíocht a fháil chun freagra níos éifeachtaí a thabhairt ar do dheacrachtaí. Tosaíonn an chomhairleoireacht anseo le seisiún measúnaithe ina bhfiosraíonn tú féin agus do chomhairleoir an tionchar atá imeartha ort agus na spriocanna atá agat don chomhairleoireacht. Is féidir dul i ngleic le roinnt dúshlán sa chéad seisiún seo, ach d’fhéadfadh seisiúin eile a bheith riachtanach i gcás ceisteanna níos casta. Mar sin féin, is í aidhm na seirbhíse an chomhairleoireacht a choinneáil dírithe agus éifeachtach, agus formhór na mac léinn sa tseirbhís ag baint leas as suas le 4 sheisiún. Measann roinnt mac léinn go bhfuil na grúpaí chomh héifeachtach nó níos éifeachtaí ná comhairleoireacht duine le duine.   

Is féidir linn tú a nascadh le seirbhísí tacaíochta eile, seirbhísí inmheánacha mar shampla Seirbhísí na Mac Léinn agus seirbhísí gairmiúla seachtracha. Molaimid do mhic léinn tacaí ar líne a úsáid mar shampla Togetherall i ndiaidh na comhairleoireachta chun meabhairshláinte dhearfach a chothú. De ghnáth bíonn fanacht thart ar choicís ar mhic léinn ach d’fhéadfadh mic léinn a bheith ag fanacht níos faide ná sin le linn tréimhsí gnóthacha. Tá an tseirbhís faoi rún ach amháin má tá tú féin nó duine éigin eile i mbaol mór díobhála. Má bhíonn tú i gcruachás nach féidir a chur ar an méar fhada, cuir in iúl dúinn é agus tabharfaimid coinne duit an lá céanna.  


Cá bhfuilimid lonnaithe?

Tá an phríomhoifig ag 5 Bóthar na Drioglainne (H91 TKW3). Is iad ár n-uaireanta oscailte ná 9am–1pm agus 2–5pm Luan go hAoine. Le linn an téarma, bíonn coinní ar fáil oíche Mháirt & oíche Chéadaoin freisin. 

Fáiltiú

Líne dhíreach: 091 492484 
Folíne: 2484
Ríomhphost: counselling@universityofgalway.ie