Rúndacht agus Teorainneacha le Rúndacht i Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn  

Ní roinnfidh comhairleoirí aon eolas fút taobh amuigh den tseirbhís, de ghnáth, gan cead a fháil uait.   

Seachas an t-idirchaidreamh riachtanach le hAonad Sláinte na Mac Léinn agus leis an tSeirbhís Mhíchumais, is é an t-aon chás eile ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an tSeirbhís Comhairleoireachta faisnéis a roinnt ná má tá imní ar do chomhairleoir go bhfuil baol tromchúiseach do do shaol féin nó do shaol duine eile agus i gcásanna áirithe ina nochtar ainm/sonraí aitheantais mí-úsáideora daoine faoi aois don chomhairleoir.   

Coinnítear nótaí leictreonacha ar gach cliant. Coimeádtar iad seo ar chóras slán, rúnda. Is ann do na nótaí sin chun cabhrú leis an gcomhairleoir machnamh a dhéanamh ar do chás agus an cúnamh is fearr is féidir a thairiscint duit. Coinnítear do shonraí ar bhonn anaithnid freisin ar bhunachar sonraí chun críocha staitisticí amháin.   

Cuirfear na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta i bhfeidhm maidir le stóráil sonraí pearsanta ar bith a chuireann tú ar fáil do Chomhairleoireacht & Folláine na Mac Léinn, de réir reachtaíocht na hÉireann agus na hEorpa um Chosaint Sonraí agus cóid eitice agus cleachtais do shíceolaithe (PSI) agus do shíciteiripeoirí (IACP, IAHIP). Tá sé riachtanach dúinn do shonraí pearsanta agus sonraí a bhaineann le d’fholláine agus do mheabhairshláinte a bhailiú agus a phróiseáil le go gcuirfimid comhairleoireacht, comhairliúchán agus idirghabhálacha grúpa ar fáil duit. Stórálaimid do chuid faisnéise ar bhealach slán agus coinnímid taifid chomhairleoireachta ar feadh tréimhse seacht mbliana tar éis dheireadh na comhairleoireachta de réir cóid chleachtais ghairmiúla.  

Mí-Úsáid Leanaí Stairiúil nó Reatha a Nochtadh i rith Comhairleoireachta 

Cad a tharlaíonn nuair a insíonn cliant lánfhásta do chomhairleoir gur baineadh mí-úsáid ghnéis nó fhisiciúil astu go leanúnach nó gur fhulaing siad faillí thoiliúil nó mí-úsáid mhothúchánach agus iad óg?

Beidh ar an teiripeoir breithniú a dhéanamh ní hamháin ar gach gné de shábháilteacht, folláine agus athshlánú an chliaint lánfhásta ach ar aon ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith i gceist i ndáil le leas agus cosaint leanaí ó thaobh an chiontóra líomhnaithe (treoirlínte Tús Áite do Leanaí 2011, 3.6.1). Tá cúinsí ann ina bhféadfadh sé seo rúndacht an chliaint a chur i gcontúirt. 

Tá ceithre chás fhéideartha ann: 

  1. Tá an té a líomhnaítear beo fós agus tá an teiripeoir ar an eolas go mb’fhéidir go mbeadh baol ann do shábháilteacht leanaí nó daoine óga faoi leith. Sa chás seo tuairisceoidh an teiripeoir a (h)imní do Tusla ag baint úsáid as an bhfoirm thuairiscithe chaighdeánach. Déanfaidh oibrí sóisialta cosanta leanaí Tusla teagmháil leis an gcliant ina dhiaidh sin agus beidh sé de chúram air/uirthi an imní a tuairiscíodh a fhiosrú. Cuirfidh an teiripeoir comhairle ar an gcliaint i rith an phróisis, agus tabharfar tacaíocht dó/di 
  2. Tá an ciontóir líomhnaithe fós beo ach níl aon bhaol do shábháilteacht aon linbh ag an am seo. Sa chás seo ceanglaítear ar an teiripeoir faoin dlí Tusla a chur ar an eolas anois faoin mí-úsáid líomhnaithe, agus céannacht an mhí-úsáideora a thabhairt. Tugtar fógra siarghabhálach ó thríú páirtí air seo.
  3. Tá an té a líomhnaítear fós beo ach é/í ina g(h)náthchónaí lasmuigh den stát faoi láthair. Sa chás seo, ní gá don teiripeoir tabhairt faoi aon ghníomh eile maidir le cosaint leanaí. Má tá an cliant ar an eolas faoi leanaí nó daoine óga ar leith a d’fhéadfadh a bheith i mbaol mí-úsáide i ndlínse eile, moltar dó/di an tairbhe a bhaineann le teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis cosanta leanaí sa dlínse ansin a phlé lena t(h)eiripeoir. 
  4.  Níl an té a líomhnaítear beo a thuilleadh. Níl gá le haon ghníomh breise ón teiripeoir.   

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA EILE   

 I gcúinsí áirithe, féadfaidh comhairleoir scagthástála dul i dteagmháil leat trí ríomhphost/teileafón a luaithe a bheidh d’fhoirmeacha clárúcháin líonta agat.  

Sa chás go dtairgtear coinne measúnaithe duit, ní mór duit freagra a thabhairt air laistigh de 24 uair an chloig nó glacfaimid leis, mura bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist, nach dteastaíonn uait leas a bhaint as comhairleoireacht a thuilleadh ag an tráth seo. 

Cuireann Comhairleoireacht na Mac Léinn seirbhís ghearrthéarmach ar fáil. Is é an gnáthnós sraith seisiún a thairiscint in aghaidh an tseimeastair, mura bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist.   

Seolfar meabhrúchán chugat trí ríomhphost tar éis gach coinne agus meabhrúchán téacs 48 uair an chloig roimh do choinne.  

Mura bhfreastalaíonn tú ar choinne ina dhiaidh sin nó má chuireann tú an coinne ar ceal le fógra níos lú ná 24 uair an chloig, glacfaimid leis nach mian leat freastal ar chomhairleoireacht a thuilleadh agus tabharfaimid d’áit do mhac léinn eile.   

Rachaidh Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn i dteagmháil le hAonad Sláinte na Mac Léinn agus leis an tSeirbhís Míchumais, nuair is gá, ar mhaithe leis an mac léinn.     

Is seirbhís rúnda í an chomhairleoireacht ach tá roinnt teorainneacha le rúndacht nuair a bhíonn riosca do shaol duine nó imní faoi chosaint leanaí. Léigh an t-eolas ar rúndacht thuas.  

Má tá tú míshásta le gné ar bith den tseirbhís a fhaigheann tú ó Chomhairleoireacht na Mac Léinn cuir é sin in iúl dúinn trína phlé le do chomhairleoir nó trí labhairt le James McCormack, Ceann na Comhairleoireachta nó ríomhphost a chur chuige ar Ríomhphost: james.mccormack@universityofgalwaygalway.ie.   

I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh go mbeadh ar an tSeirbhís dul i dteagmháil le do neasghaol chun do shábháilteacht féin nó sábháilteacht daoine eile a chinntiú.