An Próiseas maidir le Gearáin a dhéanamh

An Próiseas maidir le Gearáin a dhéanamh

Cad é Próiseas Gearán na Mac Léinn?

Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta a chinntiú go mbeidh eispéireas dearfach ag mic léinn. Déantar monatóireacht agus meastóireacht ar bhonn rialta ar chúrsaí acadúla, córais riaracháin agus seirbhísí tacaíochta na hOllscoile do mhic léinn d’fhonn a gcaighdeán a fheabhsú.

Tá go leor meicníochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla i bhfeidhm san Ollscoil a ligeann do mhic léinn ábhar gearáin a chur in iúl agus aon saincheisteanna a réiteach de réir mar a thagann siad chun cinn. Spreagtar mic léinn leis na meicníochtaí atá ar fáil dóibh a úsáid agus nuair is féidir aon ghearáin nó deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu a réiteach ar bhealach neamhfhoirmiúil. Tá tacaíocht maidir leis na próisis seo a úsáid ar fáil ó Chomhaltas na Mac Léinn agus ó Dhéan na Mac Léinn.

Aithníonn an Ollscoil, áfach, go bhféadfadh nach mbeadh sé indéanta i gcónaí réiteach a fháil trí na meicníochtaí seo nó go bhféadfadh nach mbeadh toradh sásúil ann. Is é an aidhm atá leis an Nós Imeachta do Mhic Léinn maidir le Gearáin a dhéanamh, meicníocht fhoirmiúil a sholáthar do mhic léinn chun a gcuid gearán a éisteacht agus a réiteach. Níl sé i gceist go mbeadh an Nós Imeachta ina nós araíonachta. Mar sin féin, tugann an Nós Imeachta maidir le Gearáin a dhéanamh an deis do mhic léinn aon ábhar imní atá acu a ardú, moltaí rialta maidir le feabhsúcháin ar phróisis na hOllscoile agus, nuair is cuí, is féidir leis sásamh a thabhairt do mhic léinn.

Leis an nós imeachta seo maidir le gearáin, tá sé beartaithe go ndéileálfar le hábhair go cóir, go trédhearcach agus go tráthúil, ar mhaithe le leas na mac léinn reatha agus na mac léinn amach anseo agus leas phobal na hOllscoile i gcoitinne.

Tuilleadh Eolais

Polasaithe & Cáipéisí

Róil & Freagrachtaí

Féach thíos na maitrísí cuntasachta mionsonraithe agus na príomhtheagmhálaithe don réimse.  

Déan na Mac Léinn

Má tá ceist ar bith agat faoi Phróiseas Gearán na Mac Léinn seol ríomhphost chuig michelle.millar@universityofgalway.ie

Teagmháil

Teagmhálaithe Eile

Má tá ceisteanna eile agat ar Phróiseas Gearán na Mac Léinn, déan teagmháil leis an Oifigeach Pleanála agus Forbartha Acadúla

Teagmháil

An Próiseas maidir le Gearáin RACI a dhéanamh

Cliceáil anseo le haghaidh GStudent Complaints RACI

RACI (FCCE)

Seasann RACI do Responsible, Accountable, Consulted and InformedFreagrach, Cuntasach, Comhairleach agus Eolasach.Féach thíos le haghaidh míniú breise.

FREAGRACH "Gníomhaí"

An duine nó an grúpa a roghnaítear chun a chinntiú go gcuirtear na hoibreacha i gcrích chun na spriocanna, na cuspóirí agus an caighdeán iomlán a bhaint amach de réir mar a bheifí ag súil leis, a thuairisceoidh don fhoireann chuntasach maidir leis an dul chun cinn, agus a tharraingíonn aird ar aon rioscaí nó baic ar an dul chun cinn sin

CUNTASACH "Mise atá freagrach"

Cinntíonn an duine nó an grúpa atá freagrach ar deireadh as an sruth oibre a chur i gcrích i gceart agus go críochnúil, go gcomhlíontar na réamhriachtanais chun tacú leis an dul chun cinn, agus roinntear an obair orthu siúd atá freagrach.

COMHAIRLEACH "Ar an eolas"

An duine nó an grúpa i gcumarsáid dhá threo maidir leis an bpróiseas nó leis an gcinneadh

EOLASACH "FYI"

An grúpa nó an duine atá coinnithe ar an eolas faoin gcinneadh nó faoin bpróiseas

Próisis Ghaolmhara