Cliceáil thíos le haghaidh roinnt eolais maidir leis na cúiseanna go bhféadfadh comhairleoireacht a bheith tairbheach duitse.

Tá comhairleoirí difriúil ó theaghlaigh agus ó chairde

  • Tá siad lasmuigh de do shaol laethúil
  • Ní dhéanfaidh siad tú a mheas, a cháineadh nó boinn tuisceana a dhéanamh fút
  • Tá siad neodrach
  • An t-aon fhoinse eolais atá acu fút ná tú féin

Tá roinnt rudaí deacair a roinnt le teaghlaigh agus le cairde

  • Tá roinnt rudaí nach féidir leat a roinnt
  • D'fhéadfá a bheith buartha faoi thionchar a imirt ar an gcairdeas
  • D'fhéadfadh freagra cairde a bheith ag cur imní ort
  • B'fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar rudaí tú féin sula labhraíonn tú le cairde nó le do theaghlach
  • D'fhéadfadh go mbeadh spás ag teastáil uait chun labhairt i dtimpeallacht gan aon bhrú

Cad a thugann daoine chuig na comhairleoirí sa Choláiste? 

  • A bheith imithe ón mbaile
  • An tionchar a bhaineann le dul chuig an gcoláiste
  • Cairde nua a dhéanamh
  • Ag socrú isteach i dtimpeallacht nua
  • Ag déileáil le bealaí nua staidéir agus foghlama
  • Fadhbanna acadúla
    • Deacrachtaí le staidéar
    • Spreagadh
    • Dianmhachnamh
  • Ní hé an cúrsa a bhíothas ag súil leis
  • Deacrachtaí sula dtagann siad chuig an gcoláiste
    • Is féidir le deacrachtaí mothúcháin cur leo seo a leanas:
      • Deacrachtaí díriú ar rudaí
      • Giúmar íseal
      • Deacrachtaí teaghlaigh
      • Bás/caillteanas de chineál ar bith
      • Eachtraí trámacha
      • Mí-úsáid
      • Dúlagar
      • Easpa spreagtha
      • Dúghafa
      • Deacracht le codladh
      • Fóibí
      • Guagacht giúmair
      • Neamhoird itheacháin
      • Mí-úsáid alcóil
      • Foirfeachtachas
      • Imní
      • Féinghortú
      • Smaointe féinmharaithe
  • Andúileacht

Tá comhairleoireacht ann chun cabhrú leat …

  • Tuiscint a fháil ort féin
  • Smaoineamh ar rudaí
  • Mothúcháin a admháil
  • Iad a oibriú amach
  • Na roghanna a mheas
  • Roghanna a dhéanamh

Bonn tuisceana agus imní nuair a bhíonn daoine ag smaoineamh ar chomhairleoireacht

  • D'fhéadfainn a bheith trína chéile
  • An gciallaíonn sé sin go bhfuilim ag teip sa saol?
  • Céard a cheapfadh mo chairde?
  • Nílim ag iarraidh go gcuirfí i gcuimhne dom chomh dona is a airím
  • Is féidir liom mo chuid fadhbanna a réiteach asam féin
  • D'fhéadfadh sé mé a dhéanamh níos measa
  • Tá náire orm faoi mo chuid fadhbanna
  • Má théim chuig comhairleoireacht, an ndéanfar gach rud a réiteach?
  • Ní féidir le duine ar bith a thuiscint cén chaoi a n-airím
  • Is dóigh go bhfuilim thar a bheith go dona
  • Nílim ag iarraidh labhairt le strainséir
  • Bheadh comhairleoireacht ag cur isteach ar mo chuid staidéir
  • Nuair a thosaíonn tú comhairleoireacht ní thagann deireadh leis riamh
  • B'fhéidir nach dtaitneodh an comhairleoir liom
  • Cuir i gcás nach mbeidh a fhios agam cad atá le rá?

Is imní iad seo a bhíonn ag daoine go minic sula dtéann siad ag comhairleoireacht.
Ná lig do na smaointe seo tú a stopadh ó theagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís.

Cad a tharlaíonn sa chéad seisiún?

Maireann seisiún comhairleoireachta ar feadh 50 nóiméad. Pléifidh an comhairleoir minicíocht na seisiún leat (uair sa tseachtain nó uair sa choicís go hiondúil) agus an t-am. Féadfaidh do chomhairleoir líon seasta seisiún a thairiscint (sé cinn de ghnáth) nó níos mó seisiúin leanúnacha.

Eolas a bhailiú a bhíonn i gceist leis an gcéad seisiún. Déantar iarracht tuiscint níos fearr a fháil ar dheacrachtaí freisin.
Feiceann daoine, in amanna, gurb é seo an méid a theastaíonn mar gheall go gcuidíonn an próiseas leat

  • Smaoineamh níos soiléire
  • Smaoineamh ar bhealaí níos fearr le rudaí a bhainistiú
  • Cuimhneamh go bhfuil acmhainní agat féin, agus timpeall ort, chun cabhrú leat déileáil leis na rudaí a bhreathnaigh an-deacair le bainistiú i d'aonar.