Príomhacmhainní

Three students walking outside the Quadrangle

 

Tacaíochtaí agus bealaí le bheith gníomhach in Ollscoil na Gaillimhe

An Roth Tacaíochta: Breathnaigh anseo ar na tacaíochtaí atá ar fáil duit, ag brath ar do chuid riachtanas agus ar an gcaoi a mothaíonn tú. 

Seirbhísí do Mhic Léinn: Tá foireann dhíograiseach agus oilte ar fáil anseo chun tacú le d’fholláine agus le d’fhorbairt i ngach gné de do shaol acadúil, pearsanta agus gairmiúil.  

Tá an-mhianach i bpobal éagsúil na hollscoile seo againne. Gheobhaidh tú eolas ar na tacaíochtaí go léir atá ar fáil duit sna naisc thuasluaite, ach seo a leanas roinnt de na seirbhísí iontacha seo agus an chaoi le bheith páirteach iontu.  

YourSpace: Seo é tairseach na mac léinn chun rochtain a fháil ar chumainn, clubanna, Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn, Meantóireacht, Tacaíocht ó Phiaraí, Lift, ar d’fhéilire pearsanta agus go leor eile!  Lena chois sin, is féidir do dhul chun cinn a thomhais, cur isteach ar ghradaim agus tuilleadh nach iad. 

Cumainn: Tá rogha iontach cumann ann ar féidir páirt a ghlacadh iontu saor in aisce agus casadh le daoine a bhfuil spéis acu sna rudaí céanna leat! 

Clubanna: Is bealach eile é seo casadh le daoine cosúil leat féin, saor in aisce! Tá breis is 45 club gníomhach spóirt in Ollscoil na Gaillimhe. 

Ríomhiris Sheachtainiúil na Mac Léinn: Coinnigh súil ar do ríomhphost gach Luan le haghaidh Ríomhiris sheachtainiúil na Mac Léinn. 

Flirt FM: Stáisiún raidió na mac léinn i nGaillimh a chraoltar ar 101.3FM. Is féidir teacht air ar champais Ollscoil na Gaillimhe agus ATU agus sna ceantair máguaird, agus is rogha malartach é ar na stáisiúin tráchtála a bhíonn ar fáil sa réigiún. Déan iarratas anseo chun obair leo ar bhonn deonach. 

SIN: Beidh deis iontach agat le Nuacht Neamhspléach na Mac Léinn (SIN) taithí a fháil ar iriseoireacht, ar ghrianghrafadóireacht, ar dhearadh, agus ar ghnéithe eile den phróiseas táirgthe nuachtán. Is féidir dul i bpáirt linn ach freastal ar cheann dár gcruinnithe seachtainiúla nó teagmháil a dhéanamh leis an stiúrthóir gréasáin. 

ALIVE: Clár a sholáthraíonn gach uile chineál oibre deonaí. Tugann obair dheonach an deis do mhic léinn cur lena bhforbairt phearsanta agus scileanna fostaíochta, spraoi a bheith acu, casadh le daoine nua agus rud éigin a dhéanamh ar son an phobail. 

Cóitseáil Rathúlachta do Mhic Léinn – Ag cuidiú leat barr do chumais a bhaint amach: Tacaíonn Cóitseálaithe Rathúlachta le mic léinn ‘caoi a chur ar a saolta féin’ ionas go mbainfidh siad a gcuid spriocanna acadúla, spriocanna pearsanta agus spriocanna saoil amach le linn a dtréimhse in Ollscoil na Gaillimhe.  

Féinchúnamh

Is fóinteach an rud é a bheith feasach ar ghníomhaíochtaí a chuireann chun suaimhnis thú nó a dhéanann níos beoga thú. Noda le fanacht staidéartha, dírithe, agus folláin

Well Zone: Podchraoltaí Ollscoil na Gaillimhe i dtaca le Folláine na Mac Léinn – scrollaigh síos go dtí an chuid dar teideal ‘Aire á tabhairt dom féin’

Is éard atá i gceist le hÉiciteiripe ná eispéiris theiripeacha a bhaint as aon rud a tharlaíonn go nádúrtha, mar shampla, snámh san fharraige nó d’anáil féin a thabhairt faoi deara. Éist leis an bpodchraoladh seo le Fiona Roche, Comhairleoir Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an podchraoladh ar fáil trí Ghaeilge anseo

Togetherall: Téigh isteach ar Togetherall anois láithreach, saor in aisce, más mac léinn in institiúid ard-oideachais atá maoinithe go poiblí thú. Gheobhaidh tú tacaíocht ar Togetherall chun teacht chugat féin má bhíonn uaigneas, strus, imní, brón, faitíos, fearg etc. ort. Bíonn tacaíocht ann go deimhin don té nach dtuigeann go beacht cén chaoi a n-airíonn siad, nó díreach don té nach n-airíonn ar fónamh. 

Mindful way:  Is fiú triail a bhaint as cleachtas cothaitheach aireachais – déanta in éineacht le daoine eile in Ollscoil na Gaillimhe – chun suaimhneas a chothú, neart a chruinniú agus tús maith a chur leis an lá. Bí inár dteannta ar líne gach Céadaoin ó 8am go 8.30am. 

Acmhainní PCHEI:  Cuireann Comhairleoirí Síceolaíochta in Ardoideachas na hÉireann (PCHEI) acmhainní do mhic léinn ar fáil saor in aisce. 

An tIonad d’Idirghabhálacha Cliniciúla (CCI): Acmhainní féinchúnaimh i ndáil le meabhairshláinte. 

Rannóg Aireachais Ospidéal Beaumont: Acmhainní aireachais saor in aisce, idir acmhainní scríofa agus chomhaid fuaime. Tá sciar acu i nGaeilge chomh maith. 

Cúnamh le codladh ó FSS:  Tabhair aire do do mheabhairshláinte ach dóthain codlata a fháil. Bíonn codladh agus meabhairshláinte fite fuaite ina chéile. Ní hamháin go bhfuil droch-chodladh ar cheann de na comharthaí de dheacrachtaí meabhairshláinte, ach creideann go leor daoine go bhféadfadh easpa codlata a bheith mar chúis leis na deacrachtaí sin. 

Silvercloud: Rochtain shlán, láithreach ar chláir CBT (teiripe chognaíoch iompraíochta) ar líne atá in oiriúint do na riachtanais shainiúla atá agat. Tá sé solúbtha – ar fáil in áit ar bith.

Comhairleoireacht agus tacaíochtaí eile meabhairshláinte, folláine, agus pobalbhunaithe ar fáil lasmuigh d’Ollscoil na Gaillimhe

Tá go leor eagraíochtaí tacaíochta eile a chuireann seirbhísí ar fáil go náisiúnta agus i gceantar na Gaillimhe araon do dhaoine a bhíonn ag lorg tacaíochta lasmuigh den Ollscoil. Cliceáil ar an nasc a leanas chun foghlaim faoi roinnt de na seirbhísí a bhfuil meas againn orthu: Tacaíochtaí Seachtracha