Cliceáil thíos chun freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta.

An bhfuil sé rúnda?

Tá. Ní roinnfidh comhairleoirí aon eolas fút taobh amuigh den tseirbhís, de ghnáth, gan cead a fháil uait. Is é an t-aon eisceacht atá air seo ná má bhraitheann do chomhairleoir go bhfuil tú féin nó duine eile i mbaol tromchúiseach.

Coinnítear nótaí leictreonacha ar gach cliant. Coimeádtar iad seo ar chóras slán, rúnda. Coinnítear na nótaí chun cabhrú leis an gcomhairleoir machnamh a dhéanamh ar do chás agus an cúnamh is fearr is féidir a thairiscint duit. Coinnítear do shonraí freisin gan ainm ar bhunachar sonraí chun críocha staitisticí amháin. Scriostar nótaí tar éis 7 mbliana.

Nochtadh ar Mhí-Úsáid Leanaí Stairiúil nó Reatha i gComhairleoireacht


Cad a tharlaíonn nuair a insíonn cliant atá ina dhuine fásta do chomhairleoir nó do shíciteiripeoir go ndearnadh mí-úsáid ghnéasach orthu nuair a bhí siad níos óige agus go bhfuil siad ar an eolas faoi leanaí ar leith a bhfuil an ciontóir i dteagmháil leo agus a d'fhéadfadh a bheith i mbaol faoi láthair?


Chomh maith le breithniú a dhéanamh ar gach gné de shábháilteacht, folláine agus athshlánú an chliaint fásta, caithfidh an teiripeoir imní faoi leas agus cosaint leanaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an gciontóir a líomhnaítear (treoirlínte 2011 Tús Áite do Leanaí, 3.6.1) a chur san áireamh.
Tá cásanna ann ina bhféadfadh sé seo cur isteach ar rúndacht an chliaint.

Tá trí chás féideartha ann:

  1. Tá an té a líomhnaítear beo fós, ach ag maireachtáil lasmuigh den stát faoi láthair. Sa chás seo, ní gá don teiripeoir aon ghníomh eile a dhéanamh maidir le cosaint leanaí. Má tá an cliant ar an eolas faoi leanaí nó daoine óga ar leith a d'fhéadfadh a bheith i mbaol mí-úsáide i ndlínse eile, moltar dóibh an tairbhe a bhaineann le teagmháil a dhéanamh le húdaráis chosanta leanaí ansin a phlé lena dteiripeoir.
  2. Tá an té a líomhnaítear beo fós agus tá an teiripeoir ar an eolas go mb'féidir go mbeadh baol ann do shábháilteacht leanaí nó daoine óga atá i dteagmháil leis an gciontóir a líomhnaítear. Sa chás seo, déanfaidh an teiripeoir tuairisc ar a n-imní agus an oiread sonraí atá ar fáil dóibh a thabhairt don Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh, Tusla, ag baint úsáide as an bhfoirm tuairiscithe chaighdeánaigh. Déanfar imscrúdú ar an imní agus déanfaidh oibrithe sóisialta cosanta leanaí Tusla teagmháil leis an gcliant. Tabharfaidh an teiripeoir comhairle agus tacaíocht don chliaint i rith an phróisis seo.
  3. Níl an té a líomhnaítear beo a thuilleadh agus, dá bhrí sin, níl aon bhaol ann do leanaí eile. Níl aon cheist faoi chosaint leanaí le cur san áireamh anseo.

Tá sé de dhualgas ar an teiripeoir cásanna a bhaineann le mí-úsáid fhisiceach agus faillí toiliúil leanaí áirithe a thuairisciú do Tusla, má chuirtear in iúl dóibh faoi imthosca den sórt sin.

Cé dó/di an chomhairleoireacht?

Tá comhairleoireacht ar fáil do gach mac léinn lánaimseartha, páirtaimseartha, fochéime agus iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe.

An bhfeicfear ar mo thaifead gur fhreastail mé ar an tseirbhís comhairleoireachta?

Ní fheicfear.

Cé chomh luath agus is féidir liom coinne a fháil?

Braitheann sé seo ar an am den bhliain. Tá sé mar aidhm againn coinne a thabhairt do gach duine le haghaidh comhairliúchán leanúnach laistigh de 7-10 lá oibre. Mar sin féin, le linn amanna gnóthacha d'fhéadfá a bheith ag fanacht níos faide ná sin. Mar gheall ar an éileamh ar spásanna, bheimis buíoch díot as a chur in iúl don riarthóir, chomh luath agus is féidir, más mian leat an coinne a chur ar ceal.

Cé mhéad seisiún a bheidh agam?

Seirbhís ghearrthéarmach is ea Comhairleoireacht na Mac Léinn.

An mbeidh an comhairleoir i dteagmháil le daoine eile ar mo shon, m.sh. an lucht acadúil, dochtúir?

Féadfaidh an mac léinn a iarraidh ar an gcomhairleoir dul i dteagmháil le tríú páirtí, nó scríobh chuig, tríú páirtí (e.g. comhairleoir acadúil, comhordaitheoir cúrsa, dochtúir).
I gcás litreacha, déanfaidh an cliant an t-ábhar a chomhaontú agus, nuair is féidir, an litir a léamh sula seoltar í.
I gcás glaonna gutháin, déanfar cuspóir an ghlao agus cineál agus méid an eolais a nochtfar a chomhaontú leis an gcliant sula ndéanfar an glao. Go ginearálta, mar chéad phointe teagmhála leis an tseirbhís, bainistíonn an rúnaí gach teachtaireacht a thagann isteach agus tugtar iad seo don chomhairleoir lena mbaineann.

Cuirfear in iúl do chliaint aon teagmháil leis an tseirbhís a dhéanann tríú páirtí a luaithe is féidir don chomhairleoir é sin a dhéanamh. Ní dhéanfaidh an comhairleoir cumarsáid le tríú páirtí maidir le cliant idir coinní ach amháin nuair a thugann an cliant cead dó sin, faoi réir na n-eisceachtaí a tugadh le fios roimhe seo.

An féidir le comhalta foirne coinne a dhéanamh thar ceann mac léinn?

Más dóigh leat go gcaithfidh an mac léinn comhairleoir a fheiceáil, ba chóir duit a mholadh don mhac léinn teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an tseirbhís.

An bhfuil an tseirbhís oscailte i rith na laethanta saoire?

Tá an tseirbhís oscailte i rith na bliana féilire ach amháin idir dhá Nollaig nuair a dhúnann an Ollscoil ina hiomláine.