Déanann Foirgnimh & Eastáit comhordú ar na seirbhísí maidir le bogadh oifige (lena n-áirítear seirbhísí ISS). Tá réamhfhógra chomh maith le pleanáil riachtanach chun na seirbhísí uile lena mbaineann a eagrú.

  • Ní mór gach bogadh a cheadú roimh ré le Foirgnimh & Eastáit. Déanann Foirgnimh & Eastáit iarracht gach bogadh a cheadú chomh tapa agus is féidir, ach d’fhéadfadh go mbeadh moill ann ag brath ar líon na n-iarratas.
  • Líon isteach na sonraí ar an bhfoirm iarratais maidir leis an mbogadh oifige atá beartaithe agus seol an fhoirm chomhlánaithe ar rphost chuig officemanagerbuildingsandestates@universityofgalway.ie
  • Mar chuid den iarratas maidir leis an mbogadh atá beartaithe ní mór aon obair a bheadh ag teastáil uait a aithint. Is é an Coláiste/Scoil/Disciplín/Aonad Taighde a íocfaidh as costas na n-oibreacha sin. Caithfear an t-airgead a aistriú roimh an mbogadh. Is féidir meastachán buiséid a chur ar fáil ach sin a iarraidh
  • Eiseofar Treoirlínte maidir le Bogadh Oifige agus Foirm maidir le Bogadh Oifige nuair a bheidh an bogadh ceadaithe ag Foirgnimh & Eastáit.
  • Ní mór do Chomhordaitheoir Bogtha fógra coicíse ar a laghad a thabhairt do gach soláthraí seirbhíse (Foirgnimh & Eastáit agus ISS). D’fhéadfadh sceidil seirbhíse a bheith lán seachtainí roimh an am, déanfaidh an Comhordaitheoir Bogtha a d(h)ícheall do bhogadh a sceidealú chomh luath agus is féidir.
  • Déanfar measúnú riosca ar gach iarratas a bhaineann le bogadh oifige ar bhonn aonair ag cur fachtóirí san áireamh ar nós:
    líon na n-earraí atá le bogadh
    meáchan na n-earraí atá le bogadh (Duine amháin/beirt ag teastáil chun earraí a iompar)
    rochtain ar ardaitheoirí
    bogadh ar urlár na talún, bogadh ar urláir níos airde etc.

Is do chomhaltaí foirne atá ag bogadh oifige an tseirbhís seo amháin.  
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar nithe eile a bhogadh e.g. cláir póstaer, bróisiúir, seol rphost le sonraí d’iarratais chuig Deasc Chabhrach Foirgneamh & Eastát buildingsandestates@universityofgalway.ie