Tá an rannóg seo freagrach as réimse seirbhísí a sholáthar don Ollscoil.

Bainistíocht Tionscadail & Dearaidh

  • Dearadh, innealtóireacht struchtúr agus bainistíocht costais ar thionscadail tógála dearaidh intí lena n-áirítear foirgnimh a uasghrádú nó a athchóiriú agus foirgnimh shealadacha a chur ar fáil
  • Bainistíocht tionscadail agus tús áite a thabhairt d’acmhainní d’fhonn obair a sheachadadh ar an sprioc agus laistigh de bhuiséad
  • An clár tógála, athraithe agus mórdheisiúcháin a ullmhú mar a bhaineann sé le foirgnimh, seirbhísí agus infreastruchtúr
  • Comhairle a chur ar fáil maidir leis an bhféidearthacht atá ann foirgnimh a athrú, a fheabhsú agus a dheisiú mar aon le meastachán ar chostas
  • An obair athchóirithe agus oiriúnaithe ar spás atá ann cheana a dhéanamh de réir cóid, dea-chleachtais agus reachtaíocht reatha (lena n-áirítear bealach isteach do dhaoine faoi mhíchumas, sláinte & sábháilteacht agus sábháilteacht dóiteáin)
  • Cláir mhórdheisiúcháin a ullmhú
  • Straitéis coimisiúnaithe agus aistrithe

Bainistíocht Cothabhála

  • Freagrach as cothabháil a dhéanamh ar struchtúr agus creatlach na bhfoirgneamh agus infreastruchtúr na n-eastát
  • Cothabháil ar fhoirgnimh na hOllscoile ag úsáid sheirbhísí na gcomhaltaí foirne inti agus na gconraitheoirí seachtracha
  • Teagmháil le conraitheoirí seachtracha, monatóireacht a dhéanamh ar obair chothabhála, measúnú fiúntais deiridh agus a chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na caighdeáin reachtúla uile
  • Obair chothabhála uile a dhéanann ceardaithe inmheánacha agus seachtracha chomh maith le conraitheoirí a eagrú agus monatóireacht a dhéanamh ar an obair sin
  • Cothabháil ar infreastruchtúr an champais lena n-áirítear bóithre, cosáin agus carrchlóis
  • Cothabháil laethúil a dhéanamh ar infreastruchtúr an eastáit
  • Seirbhísí ilcheirdíochta, daoine feighlithe ag comhlíonadh riachtanais na tógála agus na riachtanais a bhaineann leis an obair a chur ar fáil ar bhonn laethúil d’eastát an champais
  • Ceardaithe oilte a chur ar fáil lena n-áirítear díon, síleálacha, plástráil, blocobair, siúinéireacht, tíliú, péinteáil/maisiúchán, gloineadóireacht, earraí iarainn
  • Tairiscintí a lorg do gach obair chothabhála i gcomhréir le polasaí soláthair na hOllscoile do chonraitheoirí seachtracha
  • Lámhleabhair chothabhála agus oibriúcháin do gach obair thionscadail a chartlannú agus a fheidhmiú

Bainistíocht Eolais Theicniúil

  • Gach foirgneamh agus na tailte uile ar an eastát a chlárú ar líníochtaí AutoCAD chomh maith le heolas teicniúil ar chreatlach an eastáit a chlárú
  • Cúltaca teicniúil a chur ar fáil d’Fhoirgnimh & Eastáit
  • Anailís ar láithreacha foirgneamh - líníochtaí AutoCAD
  • Leabharlann d’eolas teicniúil ar na cóid agus na lámhleabhair is deireanaí
  • Córais dearbhaithe cáilíochta a dhréachtú agus a fheidhmiú
  • Comhairle a chur ar fáil maidir le háiseanna agus bealach isteach do dhaoine faoi mhíchumas ar an gcampas lena n-áirítear spásanna páirceála ar leith, rampaí, leithris etc.
  • Taifid a chartlannú lena n-áirítear iarratais a bhaineann le pleanáil, foirgnimh liostaithe, rialacháin tógála, liostaí conraitheoirí, liostaí sainchomhairleoirí, comhaid sláinte & sábháilteachta
  • Nósanna imeachta sláinte & sábháilteachta na hOllscoile a fheidhmiú i leith “Bainistíocht Conraitheoirí”
  • Léarscáileanna den champas a chruthú bunaithe ar iarratais aonaid