Tá an tOifigeach Coisc Dóiteán freagrach as an méid seo a leanas:

  • Cothabháil agus uasghrádú a dhéanamh ar chórais coisc agus braite dóiteáin
  • Monatóireacht a dhéanamh ar na haonaid uile chun a chinntiú go bhfuil spriocanna á gcomhlíonadh acu ó thaobh sábháilteacht dóiteáin de
  • Comhordú a dhéanamh ar chleachtaí aslonnaithe dóiteáin
  • Comhordú a dhéanamh ar oiliúint bhunúsach múchta dóiteáin
  • Caidreamh oibre a chothú leis an Údarás Dóiteáin reachtúil
  • Eolas a choinneáil leis na foirne dearaidh maidir le foirgnimh nua

Má tá aon cheist agat maidir leis an tseirbhís seo, seol rphost chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie

Téigh chuig leathanach na Léarscáileanna chun an Léarscáil Sábháilteachta Dóiteáin a fháil..

Tá níos mó eolais le fáil ar láithreán na hOifige Sláinte & Sábháilteachta maidir le nósanna imeachta dóiteáin.


Treoir i ndáil le Sábháilteacht Dóiteáin


Oiliúint Sábháilteachta Dóiteáin agus Oiliúint do Mharascail Dóiteáin

Nasc chuig Feasacht ar Shábháilteacht Dóiteáin agus Oiliúint do Mharascail Dóiteáin ar líne.

Is féidir an cód chun teacht ar chúrsa a fháil i ríomhphost chuig an bhfoireann uile maidir le Deiseanna Oiliúna Sláinte agus Sábháilteachta nó ó Chomhordaitheoir Sábháilteachta d’Aonaid.

NB Ní mór Feasacht ar Shábháilteacht Dóiteáin a chur i gcrích sula dtugann tú faoin Oiliúint do Mharascail Dóiteáin.


Freagrachtaí Sláinte & Sábháilteachta do Chinn Aonaid

Cur i láthair le Emer Bell a thugann léargas ar Fhreagrachtaí Sláinte & Sábháilteachta do Chinn Aonaid‌ agus d’fhoireann Ollscoil na Gaillimhe.