An obair a dhéanaimid

Is iad Foirgnimh & Eastáit a dhéanann soláthairtí fuinnimh a sholáthar agus a bhainistiú don Ollscoil. Mar chuid d’Fhoirgnimh & Eastáit, tá freagracht ar an Oifig Fuinnimh as na gnéithe seo a leanas maidir le bainistiú fuinnimh don eastát:

  • Soláthairtí leictreachais, gáis, ola bithmhais agus uisce na hOllscoile a sholáthar
  • Sonraisc fuinnimh a dhearbhú agus a údarú
  • Suirbhéanna fuinnimh agus iniúchtaí a dhéanamh, cur amú fuinnimh a thabhairt faoi deara agus moltaí a dhéanamh chun é seo a laghdú
  • Feasacht Fuinnimh i measc na foirne agus na mac léinn a ardú trí chlár an Tionscadail Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) agus tríd an gCampas Glas

Ina theannta sin, cuirimid eolas i dtaca le húsáid agus costas ar fáil don lucht bainistíochta chun críche tuairisceoireachta, tugaimid tacaíocht do chomhghleacaithe ar shaincheisteanna caomhnaithe fuinnimh, téimid i mbun plé le heagraíochtaí seachtracha maidir le dea-chleachtas fuinnimh agus déanaimid teicneolaíochtaí nua spárála fuinnimh a mheas.

Bearta maidir le Géarchéim Fuinnimh agus Éifeachtúlacht Fuinnimh

Srianta soilsithe ar an gcampas

Tréimhsí teasa

Athbhreithniú Fuinnimh, Meán Fómhair 2022

Is é príomhchuspóir an Athbhreithnithe Fuinnimh anailís a dhéanamh ar úsáid fuinnimh Ollscoil na Gaillimhe bunaithe ar shonraí tomhais agus eile i.e. cineálacha reatha fuinnimh a aithint, measúnú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh san am atá thart agus san am i láthair mar aon le hanailís a dhéanamh ar na hÚsáideoirí Suntasacha Fuinnimh (SEUanna) agus iad a aithint.

Tuarascáil Taistil Inbhuanaitheachta

Tá spriocanna uaillmhianacha maidir le Laghdú Carbóin leagtha amach ag Ollscoil na Gaillimhe do 2030 i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Aeráide an rialtais. Leagfar béim sa Tuarascáil Taistil Inbhuanaitheachta ar na hoibreacha a cuireadh i gcrích go dtí seo agus ina theannta sin leagfar amach roinnt gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun cabhrú le hOllscoil na Gaillimhe na spriocanna a bhaint amach.

Inbhuanaitheacht

Tá tábhachtach le hinbhuanaitheacht don Ollscoil agus tá ceangal aici le tionscnaimh eile. Féach na naisc thíos chun eolas a fháil faoi na tionscnaimh seo agus ábhar spéise eile

Polasaí Fuinnimh Ollscoil na Gaillimhe

TFF – Táscaire Feidhmíochta Fuinnimh

Déanann Ollscoil na Gaillimhe feidhmíocht fuinnimh a thomhas ar bhealaí éagsúla, e.g. an cineál fuinnimh, úsáid, gníomhaíocht, costas agus lorg carbóin.

Ar cheann de na méadrachtaí feidhmíochta atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a úsáidtear chun feidhmíocht foirgneamh éagsúil a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile tá an TFF – Táscaire Feidhmíochta Fuinnimh a thomhaistear in kWhrs/m²/bliain.

Tugann sé seo deis d'eagraíochtaí feidhmíocht fuinnimh i ngach foirgneamh a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile ag úsáid uirlis tomhais uilíoch, fuinneamh in aghaidh an mhéadair chearnaigh sa bhliain.

ISO 50001

Bhain Ollscoil na Gaillimhe stádas ISO 50001 amach in 2012. Ciallaíonn sé seo go bhfuil Córas Bainistíochta Fuinnimh Caighdeánach atá aitheanta go hidirnáisiúnta á fheidhmiú ag Ollscoil na Gaillimhe laistigh den ollscoil. Is caighdeán idirnáisiúnta é ISO 50001 a thugann deis d’eagraíochtaí na córais agus na próisis a bhunú atá riachtanach chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, lena n-áirítear éifeachtacht agus úsáid fuinnimh. 