Bainistíocht Spáis

Tá 104 heicteár i bpríomhchampas Ollscoil na Gaillimhe atá suite i gcathair na Gaillimhe. Téann an príomhchampas ó lár na cathrach suas go dtí an Daingean, 2.8 km ar fhad ar bhruach Abhainn na Gaillimhe. 

Baineann oll-achar 171,700 méadar cearnach leis na foirgnimh ar an bpríomhchampas, 97 foirgneamh ar leith atá idir bliain amháin agus breis is 160 bliain ar an bhfód. 

Áirítear i bportfóilió na hOllscoile láthair ag Ospidéal Choláiste na hOllscoile áit a bhfuil an Institiúid Eolaíochta Cliniciúla suite, chomh maith le hacadaimh leighis i nGaoth Dobhair, Leitir Ceanainn & Sligeach. Tá ionaid eile i gCarna, an Carn, Fíonaigh Bheara, Sionainn agus Dún na nGall.

Is é 191,003 méadar cearnach achar iomlán fhoirgnimh an champais a áiríonn láithreacha lasmuigh den phríomhchampas.

Is acmhainn chostasach de chuid na hOllscoile é spás agus tá an-éileamh air. Tá gach spás ar an gcampas faoi úinéireacht Ollscoil na Gaillimhe agus déanann Foirgnimh & Eastáit bainistiú ar leithdháileadh an spáis sin de réir polasaithe agus nósanna imeachta comhaontaithe.

Ba chóir iarratais ar spás breise (i.e. oifigí, saotharlanna etc.) a sheoladh chuig Anne Marie Forde, an Ceannasaí Seirbhísí Tacaíochta Gnó.

Ba chóir iarratais ar sheomraí a chur in áirithe don teagasc, cruinnithe etc. a sheoladh chuig space@universityofgalway.ie.  Tá tuilleadh eolais maidir le seomraí a chur in áirithe le fáil ar an nasc seo Cuir Seomraí in Áirithe.

Bunaíodh Grúpa Pleanála Straitéisí Spáis chun cúram a dhéanamh de phleanáil chun cinn, gnóthaí polasaí agus ceisteanna oibriúcháin a bhaineann le bainistíocht spáis. Seo a leanas ballraíocht an ghrúpa sin:

  • An Príomhoifigeach Oibriúcháin
  • An Leas-Uachtarán Taighde
  • An Rúnaí Acadúil
  • An Stiúrthóir Foirgneamh & Eastát
  • An Déan Feidhmiúcháin, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh
  • An Déan Feidhmiúcháin, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí
  • An Déan Feidhmiúcháin, Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte
  • An Déan Feidhmiúcháin, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
  • An Bainisteoir Tráchtála
  • An Leas-Stiúrthóir, Eastáit, Straitéis agus Tionscadail Chaipitil
  • An Ceannasaí Seirbhísí Tacaíochta Gnó

Polasaí & Nósanna Imeachta Spáis

Is féidir teacht ar Pholasaithe agus Nósanna Imeachta anseo.

Suirbhéanna ar Sheomraí Teagaisc

Déanann Foirgnimh & Eastáit suirbhé ar spás teagaisc a chuirtear in áirithe go lárnach le linn gach seimeastair den bhliain Acadúil. Déantar suirbhéanna gach uair an chloig idir 09:00 agus 18:00 gach lá ó Luan go hAoine ar feadh tréimhse coicíse. Lorgaíonn Foirgnimh & Eastáit an t-eolas seo a leanas:

  • Cibé an bhfuil an seomra curtha in áirithe nó nach bhfuil
  • Líon na ndaoine san ionad

Tá úsáid éifeachtach acmhainní uile na hOllscoile lena n-áirítear spás agus áiseanna ar cheann de phríomhspriocanna infreastruchtúir an Phlean Straitéisigh.

Suirbhé ar Sheomraí Teagaisc 2019/2020