Breathnaíonn an fhoireann Bainistíochta Saoráidí i ndiaidh eastát 105 Heicteár a bhfuil duaiseanna bainte amach acu ina leith. Tá teorann ag an suíomh le Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Loch Coirib agus tá sé ar cheann de na campais is bithéagsúla in Éirinn. Oibríonn ár bhfoireann garraíodóirí agus tailte go dian lena chinntiú go bhfuil an campas glan agus slachtmhar ach ag an am céanna cinntíonn siad go ndéanaimid ár bplandaí agus ár bhfiadhúlra a chosaint agus a chothú.


Plean Uile-Éireann um Pailneoirí

Shínigh Ollscoil na Gaillimhe Plean Uile-Éireann um Pailneoirí 2021-25 a fhéachann le gnáthóga breise a athchóiriú, a chosaint agus a sholáthar do bheacha agus d’fheithidí pailnitheacha eile. Is cuid lárnach dár bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta é. Go dtí seo tá raon leathan gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm againn ar an gcampas de réir an phlean lena n-áirítear:

  • Líon uaireanta a mbaintear an féar a laghdú chun ligean do phlandaí atá neamhdhíobhálach do phailneoirí fás leo
  • Móinéir ar leith a chruthú timpeall ar ionad Spóirt an Daingin
  • Úsáid lotnaidicídí a laghdú
  • Comharthaíocht a chur i bhfeidhm le cur in iúl don phobal go bhfuil na ceantair seo á mbainistiú mar chuid den Phlean Pailneoirí

Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta

In 2020 chruthaíomar Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta chun ár spriocanna agus ár ngníomhaíochtaí a leagan amach chun bithéagsúlacht a fheabhsú ar an gcampas. Áirítear orthu sin:

  • Gan limistéir den champas a bhaint chun foinsí neachtair agus pailine a sholáthar do phailneoirí
  • Paistí féaraigh a fhágáil le haghaidh taighde ar bhláthanna fiáine
  • Plandaí ó stoc géiniteach áitiúil a fháil
  • Áit chónaithe feithidí a thógáil agus monatóireacht a dhéanamh orthu timpeall na háite
  • Comhoibriú leis na Scoileanna seo a leanas: Éiceolaíocht/Zó-eolaíocht/Luibheolaíocht agus Plandeolaíocht chun éagsúlacht inveirteabrach agus bláthanna na mbogach ar an gcampas a dhéanamh amach
  • Comhoibriú le taighdeoirí chun dramhaíl bia a athúsáid mar mhúirín agus leasachán
  • Boscaí neadaireachta do ghabhláin gaoithe & sciatháin leathair

Gradam na Brataí Glaise do Pháirceanna & Gairdíní

Tugann scéim Ghradam na Brataí Glaise aitheantas do pháirceanna agus spásanna glasa dea-bhainistithe, ag leagan síos an caighdeán tagarmharcála do bhainistiú spásanna áineasa lasmuigh ar fud an domhain.

Aidhm & spriocanna

  • A chinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar spásanna glasa agus ar spásanna oscailte eile ar ardchaighdeán, is cuma cá bhfuil cónaí orthu
  • A chinntiú go ndéantar na spásanna seo a bhainistiú go cuí agus go gcomhlíonann siad riachtanais na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad
  • Caighdeáin dea-bhainistíochta a bhunú
  • Dea-chleachtas a chur chun cinn agus a roinnt i measc earnáil na spásanna glasa
  • Obair chrua na mbainisteoirí, na foirne agus na n-oibrithe deonacha a aithint

Bhí ríméad ar Ollscoil na Gaillimhe gur bronnadh an Bhratach Ghlas uirthi in 2020 agus tá sí faighte arís aici le déanaí in 2021, ag aithint na bhfeabhsúchán leanúnach atá á ndéanamh againn ar ár spásanna glasa ar an gcampas.


IBAL – Campas Glan

Bronnadh Grád A: Glan de réir Noirm na hEorpa ar Ollscoil na Gaillimhe sa suirbhé is déanaí a rinneadh sa chéad bhabhta suirbhéanna in 2019.


Conair go dtí an Chearnóg
Plandáil Bláthanna
Bláthanna
Gairdín an Uachtaráin
Rósanna
Tailte