Tá seomra an phoist lonnaithe taobh le hÁras Uí Chathail. Fágann An Post postas uile na hOllscoile anseo gach maidin agus bailíonn siad an postas uile gach tráthnóna, Luan go hAoine.

Uaireanta oscailte: 
Luan go Déardaoin:   08.00 go dtí 17.00, dúnta idir 13.00 agus 14.00
Aoine:                      08.00 to 16.00, dúnta idir 13.00 agus 14.00

Teileafón: (091) 49 2125 nó folíne 2125

Rphost mailroom@universityofgalway.ie


Éirchóid

Déanann an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha athbhreithniú ar gach seoladh poist agus tugann siad an bunachar sonraí éirchóid cothrom le dáta chuile ráithe. Tá na taifid seo bunaithe go huile agus go hiomlán ar an eolas atá ag An Post.

Ó tharla gurb é Ionad na Seirbhísí Poist seoladh seachadta poist Ollscoil na Gaillimhe, tugadh éirchód don láthair seo. Is é H91 TK33 Éirchód Ionad na Seirbhísí Poist agus dá bhrí sin is ionann é agus Éirchód na hOllscoile.

De réir láithreán gréasáin Éirchód níl aon mheicníocht ann chun iarratas a dhéanamh ar Éirchód. Tá láithreacha eile ar an gcampas a bhfuil Éirchód ar leith acu (féach Éirchóid & Comhordanáidí, foirgnimh na hOllscoile).

Is féidir teacht ar na hÉirchóid ag https://finder.eircode.ie/#/map.