Straitéisí Aerála

Treoir do Straitéisí Aerála in Ollscoil na Gaillimhe (Gaeilge agus Béarla)


Thíos tá achoimre ar na ceisteanna coitianta a bhaineann le huisce, leithris, ardaitheoirí, aeráil. 

An bhfuil an t-uisce i mo fhoirgneamh sábháilte le le lámha a ní agus le hól?

Tá gach córas uisce a chuireann uisce le hól / uisce fuar ar fáil sruthlaithe agus tástáilte ag sainchonraitheoirí. Tá umair stórála uisce glanta/steirilithe.

An mbeidh dóthain uisce te i mo fhoirgneamh le lámha a ní?

Tá gach córas uisce te sruthlaithe agus glanta, beidh uisce te ar fáil i ngach ionad.

An mbeidh dóthain áiseanna ar fáil le lámha a ní?

Rinneadh na báisíní níocháin agus sconnaí go léir atá ann cheana féin a sheiceáil, cuirfear isteach áiseanna breise chun lámha a ní ar fud an champais.

An mbeidh triomadóirí lámh ar fáil?

Beidh triomadóirí lámh ar fáil i ngach leithreas, ba chóir d’úsáideoirí a lámha a ní sa bháisín níocháin agus uisce breise a bhaint sula n-úsáidtear na triomadóirí lámh.

An mbeidh mé in ann cith a thógáil ar an gcampas?

Tá na háiseanna cithfholcadáin go léir ag obair.

An mbeidh leithris ar fáil?

Beidh áiseanna leithris ar fáil ar an gcampas, tá laghdú déanta ar an rochtain ar bhloic leithris bunaithe ar threoir reatha. Ba cheart d’úsáideoirí féachaint ar chomharthaíocht na ndoirse agus an nós imeachta maidir le húsáid seomraí folctha a leanúint.

An bhfuil aon mholtaí ann maidir le leithris a úsáid?

Tar éis an leithreas a úsáid moltar don úsáideoir clúdach an leithris a dhúnadh roimh shruthlú, laghdóidh sé seo gluaiseacht aerasóil sa seomra folctha.

An mbeidh an teas AR SIÚL nuair a fhillfimid ar an gcampas?

Tosaíonn an séasúr teasa ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí tús mhí Bealtaine 2023, agus déantar monatóireacht ar an ngá atá le teas tríd an gCóras Bainistíochta Foirgneamh.

An féidir liom téitheoir leictreach a úsáid?

Moltar na téitheoirí leictreacha go léir a bhaint mar go dtriomaíonn siad an t-aer sna spásanna ina bhfuil siad agus tugann siad léamh bréagach don chóras Bainistíochta Foirgneamh, is ardriosca dóiteáin iad freisin. Má tá fadhb agat le do radaitheoir logáil iarratas ar Pemac.

An mbeidh an t-aerchóiriú ag obair i m'oifig nó i mo fhoirgneamh?

Tá cothabháil déanta ar an aerchóiriú a suiteáladh i bhfoirgnimh agus tá sé ag feidhmiú i gceart, tá na rialuithe reatha socraithe ag an sainchonraitheoir agus níor cheart iad a athrú. Ba cheart athruithe a logáil ar Pemac.

An bhfuil eastóscadh sna leithris?

Tá eastóscadh meicniúil suiteáilte i ngach leithreas inmheánach, baintear aer as an spás trí ghríleanna agus déantar é a dhuchtú chuig an taobh amuigh. I gás leithris le bloic sheachtracha le fuinneoga, beidh na fuinneoga sna spásanna seo ar oscailt chun aer breise a ligean isteach.

An bhfuil aeráil i m'oifig?

Tá formhór na n-oifigí ar an gcampas lonnaithe ar bhallaí seachtracha le fuinneoga. Moltar, mar sin, go n-osclaítear fuinneoga san oifig agus go bhfágtar an doras go dtí an pasáiste ar oscailt, cuirfidh sé seo le haeráil tras-sreafa sa spás.

Conas a oibríonn an aeráil sna hoifigí?

Socraíodh na haonaid aerála meicniúla agus láimhseála aeir go léir chun aer úr 100% a chur ar fáil agus 100% d’aer a bhaint as an seomra nó an spás. Moltar nach gcuirfidh úsáideoirí oifigí aon bhac ar ghríleanna ná iad a dhúnadh. Déanann na córais Bainistíochta Foirgneamh monatóireacht ar chórais aerála agus déanfar aon choigeartuithe orthu go huathoibríoch. Moltar freisin má tá fuinneoga ar fáil sna spásanna seo gur chóir go mbeidís ar oscailt chomh maith.

Tabhair faoi deara: mar gheall ar an méadú ar an toirt aeir go bhféadfadh roinnt torann a theacht ó na greillí.

Conas a oibríonn an t-aeráil mheicniúil i léachtlanna?

Tá Aonaid Láimhseála Aeir i ngach léachtlann inmheánach ag soláthar aer úr chuig na spásanna mar aon le teas agus fuarú freisin. Tá an t-aer chuig an spás 100% úr agus déantar 100% den aer eastósctha a bhaint, tá an sruth aeir bunaithe ar leibhéil CO2 agus tá siad seo socraithe de réir caighdeáin an tionscail. 

An féidir liom na hardaitheoirí a úsáid?

Tá líon daoine ar leith ceadaithe sna hardaitheoirí. I gcúinsí speisialta déanfar measúnú riosca ar mhic léinn/comhaltaí foirne atá cláraithe leis an Oifig Míchumais a dteastaíonn cúnamh uathu agus ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Míchumais.

An féidir liom umair uisce a úsáid?

Rinneadh na humair uisce a ghlanadh agus a steiriliú, cuirfear gach umar uisce atá ceangailte le soláthairtí uisce ar siúl ag tús an tseimeastair nua. Tá meascán de chineálacha tadhaill agus braiteora ann ach ba cheart go gcinnteodh úsáideoirí sláinteachas maith agus na haonaid á n-úsáid acu.

An féidir liom fearais leictreacha a úsáid i m'oifig?

Ní féidir ach trealamh a chuirtear ar fáil chun do ról a chomhlíonadh ar an gcampas a úsáid. Níl sé ceadaithe citil, micreathonnta, téitheoirí leictreacha, tóstaeir a úsáid in oifigí ná i limistéir scríbhneoireachta.

An féidir liom cistinéid a úsáid?

Ní féidir ach an citeal a úsáid sna cistinéid. Ní cheadaítear áiseanna cócaireachta ná téimh a úsáid de réir na treorach sláinte poiblí reatha.

An féidir liom pointí luchtaithe gluaisteán a úsáid?

Beidh pointí Luchtaithe Gluaisteán ar fáil le húsáid ar an gcampas. Lean na treoirlínte maidir le lámha a ní tar éis na nascóirí a úsáid.

An bhfuil an t-aláram dóiteáin ag obair?

Tá cothabháil agus seiceáil déanta ag na sainchonraitheoirí ar na córais aláraim dóiteáin ar an gcampas, tá na córais ar fad ag feidhmiú i gceart.

An mbeidh druileanna dóiteáin ann le linn an chéad seimeastair?

Tá sé beartaithe druileanna dóiteáin a dhéanamh le linn an chéad seimeastair, eiseofar sonraí breise.